I'm looking for a recording of the song Muirnín na Gruaige Báine. Lyrics (found here): Mo léan gan mé agus tú, a mhaighdean óg gan chumha, in oileánaibh dubha Loch Éirne; nó faoi choillte dubha na slat mar a ndéanaid na héanlaith nead, agus fásach go barra géaga; nó i ngleanntáinín cois cuain mar a labhraíonn an chuach 'gus an fharraige ó thuaidh bheith taobh linn; mise féin 's mo rún gan codladh ann ná suan, ach ag súgradh i gclúid a chéile. Mo léan gan mé sa gcill i bhfochair mo chairde gaoil, nó i mullach cnoic ag déanamh árais, sul fár tharla tú im líon ag dúbailt cnead im chroí, agus d'iompaigh tú mo dhlaoi mar airne; cumann gearr ó mhnaoi, ní mhaireann sé ach mí mar shiolla den ghaoith Mhárta; agus a stór, níor chóir mé a dhíol mar gheall ar bheagán maoin' 'gus feasta liom bíodh t'intinn sásta. Níor fhág mise baile cuain ó Chorcaigh anuas nó as sin go Cruach Phádraig, thart ó dheas anuas go Béal an Easa Rua nár chaitheas ar mo chuairt ann ráithe; mar shúil go bhfaighinn tuairisc phéarla an chúil dualaigh 's í an ainnir rug bua thar mhná í; is gur i dtórainn Chill Dá Lua a scaras le mo ruan, 's í Muirnín na gruaige báine í. And there look to be different lyrics for this song at duchas.ie: first page second page Thanks so much for any help.
|