Na Fíníní Tréana (Fonn: “Fir an Iarthair”) Is iomdha amhrán maith I mBéarla ‘Na moltar ár laochra thar bárr: Is iomdha scéal canta do léightear Thar gaisge ár dtréan-fhear san ár. Ach canfad dídh feasta, a Ghaedheala, I dteangan na hÉireann mo dhán, Ag moladh na Fíníní tréana, Do bhain geit as na méith-phuic ‘na lá. Mo ghrád iad na Fíníní Tréana, Mo ghrád iad do dtéidhead-sa fé’n mbán; Ó leanaimís Lorg na Laochra A mhuinntir na hÉireann, gan scáth. Is Tréith lag bhí muinntir na hÉireann Fé dhaor-smacht as dlighthe ba cham Nuair bheartaigh na Fíníní tréin-bheart Do dhéanamh ag treascairt na nGall; A’s is iomdha glean seasgair sa tír seo As leaca, as ínse ghlas réidh Na mbailighdír riúd ann ist oidhche, Chun cath-cleasa chleachta mar chéird. Go mairidh go bráth again eolas Ar na ballaidh ‘na chnósuigheadh na Gaedhil, San am úd ag foghluim a ngnótha, Conus namhaid do threascairt le faobhar. Mar má’s laugh é an smacht tá ar Ghaedhealaidh Le ‘nás linn, seach a’s bhí ortha tráth, Do na daoine bhí ullamh chun faobhar-chath Tugtar an buidheachas go bráth. Molaim go h-Árd na Fíníní Do dhúisigh ár ndaoine ba thláth, A’s do mhúin dóibh gur laochra a sinnsear Ná luighfeadh fé chosaibh aon námhaidh. A’s deirim gur suarach an Gaedheal é Ná canfadh liom bhéarsa ó chroidhe, Ag moladh na bhFíníní shaothruigh Le duthracht, moch déidheanach, dár dtír. A’s má theip ar na Fíníní Éire Ó Ghalla-smacht shaoradh ‘na ló, Do theip agus teipfidh, a Ghaedheala, Ar na Gallaibh sinn chlaonadh go deo. Agus maireann a’s mairfidh go bráth ann, Tré congnamh an Áird-Mhic, fir groidhe, Chun a dtíre do chosaint go dána Ar an námaid pé áird as a dtighean.
|