Joe Heaney's version Dán Oíche Nollag (The Poem of Christmas Eve) Chuadar siar is aniar na sráideannaí, Ní bhfuaireadar aon dídean ann Nó go dtáinigdar don stábla naofa Dhá uairín roimh lá Dhiúltaigh an teach ósda Iad a thabhairt as an sneachta Agus rugadh an leanbh naofa idir bullán agus asail. Aililiú-leá, is aililiú-leá A bhó-bhó is a chó-chó is aililiú-leá. Tháinig na trí ríthe Le bronntanaisí ag an leanbh Dhiúltaigh tú an méid sin, Ór buí agus aiteas Dhiúltaigh tú uilig an méid sin Ag sábháil gach peacach Dhá dtiocfaidh, dhá ndeachaigh, ‘S dhá mbeidh againn feasta. Aililiú-leá, is aililiú-leá A bhó-bhó is a chó-chó is aililiú-leá. Lá dhá raibh an cúpla Ag siúl lena chéile Ó d’fhiafraigh an Mhaighdean Ghlórmhar ‘An mar seo a bhéas muid feasta?’ ‘Díolfar mé Dé Céadaoin Ar leath-choróin den airgead bán Agus beidh mé Déardaoin Do mo ruaigeadh ag mo námhaid Tiocfar anuas orm Le chúig mhíle buille Agus an braon uasal is ort in uachtar, Beidh sé síos le mo shála.’ Aililiú-leá, is aililiú-leá A bhó-bhó is a chó-chó is aililiú-leá. Translation They went back and forth in the streets, But they got no shelter anywhere Until they came to the Holy Stable Two hours before daybreak. The inn refused To take them in out of the snow And the holy infant was born Between a bullock and asses. Aililiú-leá, is aililiú-leá… The three kings came, With presents for the baby You refused all of them, Yellow gold and frankincense; You refused all of them, Saving every sinner That will be, that has been, And that we shall ever have. Aililiú-leá, is aililiú-leá… One day when the pair [Jesus and his Mother] Were walking together The Blessed Virgin asked him ‘Is this how we shall be from now on?’ ‘I shall be sold on Wednesday For a half-crown of silver; And on Thursday I shall be hunted by my enemies. I will be struck With five thousand blows And the blood coming from my head Shall stream down to my heels.’ Aililiú-leá, is aililiú-leá…
|