Ye Vagabonds version Ag dul fríd Rinn na Feirste dó briseadh na heasnacha ann, Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí, Ag dul fríd Rinn na Feirste dó briseadh na heasnacha ann, Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí. Ag dul soir chun na gCloch Corr dó cuireadh an tóir ar Bhacach Síol Andaí, Bacach Síol Andaí, (Ag dul) thíos chun na hUillinne dó cuireadh an deilín ar Bhacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí. An raibh tú i dToraigh nó i gCaisleán an Bharraigh, Nó an bhfaca tú an campa a bhí ag na Francaigh? Mise agus tusa agus ruball na muice, Agus Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí. Ag gabháil thíos Burtonport dó rinneadh an spórt de, Bacach Síol Andaí, Bacach Síol Andaí, (Ag gabháil) thíos Poll an Mhadaidh dó cuireadh na madaidh ann, Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí. Ag gabháil thuas Baile an tSratha dó cuireadh an tsraith ar Bhacach Síol Andaí, Bacach Síol Andaí, (Ag gabháil) thuas Baile an tSratha dó cuireadh an tsraith ar Bhacach Síol Andaí, Bacach Síol Andaí, An raibh tú i dToraigh nó i gCaisleán an Bharraigh, Nó an bhfaca tú an campa a bhí ag na Francaigh? Mise agus tusa agus ruball na muice, Agus Bacach Shíol Andaí, Bacach Shíol Andaí.
|