Peigín is Peadar Is a Pheigín na gcarad, is a Pheigín mo chroí, Ó Cé hé an fear fadó sin sínte leat síos? Ó a hó, a hó o oa, ó a hó a stóirín mo chroí. Muise, Pheadair na gcarad, is a Pheadair mo chroí, Sin é do leanbh nach bhfaca tú riamh Ó a hó a, hó a óa,hó a hó a stóirin mo chroí. Muise, shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar, Ach feasóg ar leanbh ní fhaca mé riamh Ó a hó, a hó a óa hó a hó a stóirín mo chroí. Is a Pheigín na gcarad, is a Pheigin mo chroí, Ó éirigh 'do sheasamh 'gus réitigh greim bia Ó a hó, a hó a óa, hó a hó a stóirín mo chroí. Is a Pheadair na gcarad, is a Pheadair mo chroí, Níl in sa teach aon ghreim mine buí Ó a hó, a hó a óa, hó a hó a stóirín mo chroí Is a Pheigín na gcarad, is a Pheigín mo chroí, In iochtar mo mhála tá cáca mine buí Ó a hó a, hó a óa, hó a hó a stóirín mo chroí Muise, Pheadair na gcarad, is a Pheadair mo chroí, Tá an cáca seo a't lán de ghineachaí buí, Ó a hó a, hó a óa, hó a hó a stóirín mo chroí. Is a Pheigín, is a mhaicín suífimid síos, Ní fhagfaidh mé an baile chúns mhairfeas mé arís, Ó a hó a, hó a óa, hó a hó a stóirín mo chroí From CICD128 Bláth na hÓige, Máirtín Tom Sheáinín This song is related to Seven Drunken Nights. See From My Tradition, Shanachie 34019 by Joe Heaney for another version, the story of The Three Advices. Slán go fóill, Brían.
|